Tógadh Gracie ar an Cheathrún. A teaghlach agus an obair a bhí le déanamh aici. Bhíodh sí ag buachailleacht ba agus caorach ar an chnoc mar nach raibh mórán talaimh acu. An chúis le seo: a garathair mór ag imeacht go hAlbain le airgead a shaothrú. Fuair sé bás ar an bhealach agus níl sé cinnte c’áit ar cuireadh é. Ní raibh airgead ar bith ag teacht isteach ina dhiaidh sin agus díshealbhaíodh a garmáthair mór ach fágadh cuibhreann aici. Roinneadh an talamh ina dhiaidh sin ach tá sé ar ais ag baill den teaghlach arís anois, a deirfiúr agus a deartháir. | 00:03:58 | |